Scoil Náisiúnta Mhín an Chladaigh – d’fhanadh na scoláirí a bhí ag gabháil a shuí scrúdú le fáil isteach na coláiste istigh ag staidéar uair breise sa tráthnóna. D’éirigh go maith le Treasa sa scrúdú agus chuaigh sí go Coláiste Bhríde i mBaile Chonaill ó 1944 – 1948.
00:03:41
Chuaigh sí go Coláiste Bhríde i mBaile Chonaill ó 1944 – 1948. Bhí caighdeán ard oideachais a theagasc ag na mná rialta ag an am sin. Tugann Treasa cuntas maith ar na blianta a chaith sí ansin agus bhí na mná rialta crua orthu. Ní raibh cead acu litreacha a chur na bhaile ach ba ghnách le máthair Threasa, a bhíodh istigh ag cuartaíocht, na litreacha a thabhairt léi agus iad a phostáil.